Is éard atá curtha romham agam sa tráchtas seo ná an t-úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge a phlé; chun aitheantas a thabhairt don seánra mar rud ar leith; chun a fhréamhacha a aimsiú agus a thréithe sainiúla a léiriú. Féachaim anseo lena léiriú go bhfuil baint shainiúil ag an úrscéal iar-nua-aoiseach sa Ghaeilge le stair shochteangeolaíoch agus liteartha na hÉireann. Chruthaigh scríbhneoirí Béarla na hÉireann, ar nós Joyce, Beckett agus Flann O’Brien (Brian Ó Nualláin), cur chuige liteartha a raibh toradh ollmhór aige ar chúrsaí liteartha an domhain – go háirithe sa chomhthéacs (iar)-nua-aoiseach. Léireoidh mé gur tháinig an cur chuige seo chun cinn de bharr a...