Is é a chuirim romham a dhéanamh sa tráchtas seo ná eagar a chur ar shaothar liteartha Mhíchíl Coimín; file agus údar próis a bhí ag saothrú na litríochta i gCill Chorcoráin, Contae an Chláir san ochtú haois déag. D’éag sé sa bhliain 1760 nuair a bhí sé beagnach 90 bliain d’aois. Is féidir a rá go bhfuil an Coimíneach, ó thaobh chanóin litríocht na Gaeilge de i measc na mionscríbhneoirí, agus níl aon dabht faoi ach go bhfuil an-chuid de léitheoirí na Gaeilge sa lá atá inniu ann dall ar a chuid scríbhneoireachta. Tá cáil air mar údar ‘Laoi Oisín i dTír na n-Óg’ ach mar a léireofar sa tráchtas seo, tá gach cuma ar an scéal nárbh é a scríobh. Tá againn óna pheann d...